Lúsaí

Sraith 6 leabhar le Máire Ní Ghallchobhair don aoisghrúpa 7-9 faoi chailín óg ábhailleach atá lán le spraoi. Tá an múinteoir bocht, Bean de Róiste, cráite ag na cleasa a imríonn Lúsaí agus a cara Caoimhe uirthi.

Lúsaí

Scéalta Staire

Beatháisnéisí staire don aoisghrúpa 10+. Ar na leabhair atá sa tsraith tá 'Naomh Pádraig', 'Somhairle Mór, 'Toirealach ó Cearúlláin', Tadhg Dall Ó hUiginn' agus go leor eile...

Somhairle Mór

Sráid an Iarla

Sna trí leabhar sa tsraith Sráid an Iarla leis an údar, Peadar Ó Cualáin, cuirimid aithne ar Mhártan, ógánach fiosrach a 'dtarlaíonn rudaí dó'!

Sna leabhair 'An Gruagach', 'An Gabha agus an Bhean Rua' agus 'Gairdín an Ollaimh' leanaimid Mártan trí shráideanna mistéireacha na cathrach agus é sa tóir ar Ghruagach mór dorcha; ar bhean óg rua; ar mhadraí atá á bhfuadach go rúnda, agus ar cheol álainn sí...

An Gruagach

Sraith Nua Scéalta

FionnéigeasTe bruite ó na clódóirí tá dhá leabhar nua sa tsraith Fionn: 'An Bradán Feasa' agus 'Dóiteoir na Samhna', agus iad ar fáil anois ó Leabhar Breac.

Athinsint do Ghaeil óga atá sa tsraith nua seo, leis an údar agus ealaíontóir, Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne. Ar na leabhair eile a bheidh sa tsraith tá 'Bodach an Chóta Lachna', 'An Giolla Deacair', 'Sí Chuilinn' agus 'Bran agus Sceolán'. Eiseofar cluiche cláir na sraithe 'Ardrí' don Nollaig 2010.

An Bradán Feasa

Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó.

Darach Ó ScolaíBa é Fionn mac Cumhaill an ceannaire ba chailiúla a bhí ar an bhFiann. Ach, ó bhí Fionn ina leanbh, bhí a chuid naimhde ag iarraidh é a mharú agus ceannas na Féinne a choinneáil dóibh féin. Chun é féin a chosaint ar na naimhde sin, mhúin an banghaiscíoch Bómall d’Fhionn cén chaoi le troid. Ach chun ceannas a fháil ar an bhFiann, chaithfeadh sé foghlaim le bheith níos stuama agus níos cliste ná duine ar bith eile beo.

Ceannaigh an leabhar

Dóiteoir na Samhna

Bliain amháin, ar oíche Shamhna, tháinig fathach go Teamhair agus chuir sé an tArdrí agus an chúirt ar fad a chodladh le ceol draíochta. Nuair a bhí siad ina gcodladh, chaith sé lasair thine as a bhéal agus dhóigh sé cúirt an Ardrí.

Tháinig an fathach ar ais bliain i ndiaidh bliana, agus dhóigh sé Teamhair arís agus arís eile. Ní raibh duine ar bith in Éirinn in ann é a stopadh.

Ar deireadh, tháinig buachaill go Teamhair a gheall go gcuirfeadh sé deireadh leis an dóiteoir. Fionn mac Cumhaill ab ainm don bhuachaill sin. Tugadh sleá dó, agus chuaigh sé amach san oíche chun pálás an Ardrí a chosaint ar Dhóiteoir na Samhna...

Ceannaigh an leabhar

Ag teacht go luath... Bodach an Chóta Lachna

Bhí Fionn ar Bhinn Éadair, lá, agus chonaic sé bád ag teacht i dtír. Léim gaiscíoch breá láidir amach ar an trá. Caol an Iarainn ab ainm dó, agus bhí sé tagtha ó Rí na Teasáile ag iarraidh cíos na hÉireann. Mura dtiocfadh Fionn ar dhuine éigin a bhuafadh ar Chaol an Iarainn i rás reatha, bheadh na Gaeil faoi smacht ag Rí na Teasáile go deo.

AnGiollaDeacair

Ag teacht go luath... 'Ardrí'

Sa chluiche cláir spleodrach lándaite seo d’óg agus aosta, caithfimid Fionn mac Cumhaill a thabhairt go cúirt an Ardrí i dTeamhair. Le cabhrú leis, tá an banghaiscíoch Bómall, Bodach an Chóta Lachna, an Bradán Feasa, Diarmaid ó Duibhne, agus cairde na Féinne. Ach tá a chuid naimhde ag fanacht linn freisin — Goll mac Morna, Conán Maol, an fathach Ailéan, an Giolla Deacair, ollphéisteanna, arrachtaigh, sluaite sí, agus go leor leor eile!